Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 18:10-25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. D'ísligh sé na spéartha agus thuirling sé,agus néal dubh dorcha faoina chosa.

11. Tháinig sé ag marcaíocht ar cheiribínagus é ag eitilt ar eiteoga na gaoithe.

12. Chuir sé uime an dorchacht mar éadach,uiscí dorcha is dlúthnéalta ba phuball dó.

13. As an ngile agus na néalta a bhí uimetháinig clocha sneachta agus splancacha tine.

14. Bhí an Tiarna ag déanamh toirní sna spéartha,agus thug an Té is Airde a ghlór uaidh.

15. Scaoil sé a shaigheada agus scaip iad,agus chaith a chaora tine gur threascair iad.

16. Bhí foinsí na farraige le feiceáilagus nochtadh fothaí na cruinnede thoradh do bhagartha, a Thiarna,de thoradh sí gaoithe do chuid feirge.

17. Shín sé anuas agus rug orm,agus tharraing as na tuilte móra mé.

18. Shaor sé mé ón namhaid a bhí róláidir domó lucht m'fhuatha ba threise ná mé.

19. D'ionsaíodar mé lá mo thubaiste,ach tharla an Tiarna ina thaca dom.

20. Sheol sé amach in áit fhairsing mé,do mo tharrtháil as ucht a ghrá dom.

21. Chúitigh an Tiarna m'fhíréantacht liom;thug luach saothair dom de réir glaine mo lámh,

22. toisc gur choinnigh mé slite an Tiarnais nár imigh mé uaidh ar seachrán.

23. Bhí a bhreithiúnais go léir os mo choinne,is níor chuir mé a reachtanna i leataobh uaim.

24. Ach mhair mé gan cháim ina láthair,agus choimeádas mé féin ón gcoirpeacht.

25. Agus chúitigh an Tiarna m'fhíréantacht liomde réir glaine mo lámh ina láthair.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 18