Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 16:1-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Mictam Dháiví.Caomhnaigh mé a Thiarna, is ort a thriallaim.

2. Deirim leis an Tiarna: “Is tú mo Dhia.Níl maith ar bith agam cés moite díotsa.”

3. Chuir sé grá as cuimse ag borradh i mo chroído na daoine dílse a mhaireann ina thír.

4. An dream ar rogha leo a mhalairt de Dhiatiocfaidh tuilleadh mór fós de bhuartha anuas orthu.Ní thoirbhreoidh mé fuil a ndeochíobairt ar aon chorná ní chluinfear a n‑ainmneacha go brách ar mo bheola.

5. Is é an Tiarna is rogha liom, mo chuid de réir oidhreachta;agus cuid mo chupáin; is ort atá mo sheasamh.

6. Thit na téada tomhais dom in áiteanna áille:is aoibhinn liom go dearfa an oidhreacht a fuair mé.

7. Tugaim buíochas don Tiarna as ucht comhairle a thabhairt dom,agus teagasc a thabhairt do mo chroí san oíche.

8. Coimeádaim an Tiarna de shíor i m'intinn:agus é ar mo dheasláimh ní chorrófar mé choíche.

9. Tá gairdeas ar mo chroí agus áthas ar m'anam;agus ligfidh mo cholainn a scíth faoi dhóchas.

10. Óir ní fhágfaidh tú m'anam i measc na marbhná ní ligfidh tú do do mhuirneach truailliú a fheiceáil.

11. Taispeánfaidh tú slí na beatha dom;tá lúcháir go fial i do láthairagus aoibhneas ar do dheasláimh go brách.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 16