Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 149:4-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Óir tugann an Tiarna taitneamh dá phobal;tugann sé an bua do lucht na huirísle.

5. Bíodh gairdeas ina nglóir ag na fíréin;canaidís le lúcháir ina leapacha.

6. Bíodh mórmholtaí Dé ina mbéal acu;agus claíomh an dá fhaobhar ina láimh.

7. D'fhonn díoltas a agairt ar na ciníocha,agus diansmacht a chur ar na náisiúin,

8. D'fhonn a ríthe a cheangal i gcuibhreacha,agus a n‑uaisle i ngeimhleacha iarainn,

9. D'fhonn breithiúnas a chur i bhfeidhm mar a ceapadh dóibh;is í an ghlóir seo atá i ndán dá naoimh uile.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 149