Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 149:1-6 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Alleluia.Canaigí amhrán nua don Tiarna;moltar é i gcomhthionól na bhfíréan.

2. Déanadh Iosrael gairdeas faoina gcruthaitheoir;bíodh ríméad ar chlann Shíón faoina Rí.

3. Molaidís a ainm le rince;déanaidís ceol ar an gcláirseach is ar an gcruit.

4. Óir tugann an Tiarna taitneamh dá phobal;tugann sé an bua do lucht na huirísle.

5. Bíodh gairdeas ina nglóir ag na fíréin;canaidís le lúcháir ina leapacha.

6. Bíodh mórmholtaí Dé ina mbéal acu;agus claíomh an dá fhaobhar ina láimh.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 149