1. Alleluia.Molaigí an Tiarna ó na flaithis,molaigí é sna spéartha!
2. Molaigí é, a aingle Dé,Molaigí é, a shluaite go léir!
3. Molaigí é, a ghrian is a ghealach,molaigí é, a réaltaí lonracha!
4. Molaigí é, a fhlaitheasa is airde,agus a uiscí atá os cionn na bhflaitheas!
5. Molaidís ainm an Tiarna,le hordú uaidh a cruthaíodh iad.
6. Shocraigh sé go brách iad;thug sé dlí dóibh nach rachaidh ar ceal.
7. Molaigí an Tiarna ón talamh,a mhíolta mhóra agus a dhuibheagána go léir!
8. A thine is a chloichshneachta, a shneachta is a cheobhrána,a anfaí gaoithe a chomhlíonann a bhriathar,
9. a shléibhte agus a chnoca uile,a chranna toraidh agus a chéadrasa!
10. A ainmhithe allta agus clóis,a phéisteanna agus a éanlaith an aeir!
11. A ríthe agus a náisiúna na cruinne,a fhlatha an domhain is a bhreithiúna!