6. Ardaíonn an Tiarna na daoine ísle;agus leagann sé ar lár na hurchóidigh.
7. Canaigí don Tiarna le buíochas;seinnigí moladh ar an gcruit dár nDia,
8. an té a chlúdaíonn na spéartha le néalta;agus a thugann an fhearthainn don talamh.Cuireann sé an féar ag fás ar na sléibhte;agus luibheanna chun fónamh don duine.
9. Tugann sé a gcuid do na beithígh;agus beathaíonn gearrcaigh na bhfiach nuair a ghlaonn siad air.
10. Ní hé neart an eich is aoibhinn leis;ná ní hiad cosa an duine is taitneamhach leis.
11. Tugann an Tiarna taitneamh do lucht a eaglaithe;don dream ar muinín leo a thrócaire.
12. Tabhair moladh don Tiarna, a Iarúsailéim;tabhair moladh do do Dhia, a Shíón.
13. Óir dhaingnigh sé sparraí do dhoirse;agus bheannaigh sé do chlann atá istigh ionat.
14. Rinne sé síocháin i do chríocha;agus tugann do sháith de phlúr na cruithneachta duit.
15. Cuireann sé a aithne ag triall ar an talamh;agus gluaiseann a bhriathar go lántapaidh.
16. Scaipeann sé sneachta amhail olann;croitheann sé cuisne amhail luaithreach.