Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 147:5-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Is mór é ár nDia agus is mór é a neart;níl teorainn ar bith lena eagna.

6. Ardaíonn an Tiarna na daoine ísle;agus leagann sé ar lár na hurchóidigh.

7. Canaigí don Tiarna le buíochas;seinnigí moladh ar an gcruit dár nDia,

8. an té a chlúdaíonn na spéartha le néalta;agus a thugann an fhearthainn don talamh.Cuireann sé an féar ag fás ar na sléibhte;agus luibheanna chun fónamh don duine.

9. Tugann sé a gcuid do na beithígh;agus beathaíonn gearrcaigh na bhfiach nuair a ghlaonn siad air.

10. Ní hé neart an eich is aoibhinn leis;ná ní hiad cosa an duine is taitneamhach leis.

11. Tugann an Tiarna taitneamh do lucht a eaglaithe;don dream ar muinín leo a thrócaire.

12. Tabhair moladh don Tiarna, a Iarúsailéim;tabhair moladh do do Dhia, a Shíón.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 147