14. Rinne sé síocháin i do chríocha;agus tugann do sháith de phlúr na cruithneachta duit.
15. Cuireann sé a aithne ag triall ar an talamh;agus gluaiseann a bhriathar go lántapaidh.
16. Scaipeann sé sneachta amhail olann;croitheann sé cuisne amhail luaithreach.
17. Leathann sé a leac oighir ina blúirí;cé a fhéadann a fhuacht a fhulaingt?
18. Cuireann sé a bhriathar uaidh á leá;agus a ghaoth a choscairt an tsneachta.
19. D'fhoilsigh sé a bhriathar do Iacób;a reachtanna agus a fhoraitheanta d'Iosrael.
20. Ní dhearna sé amhlaidh d'aon chine eile;níor nocht sé a reachtanna dóibh.