1. Alleluia.Molaigí an Tiarna toisc gur maith é;canaigí Salm dár nDia toisc gur grámhar é;is dósan is dual ár moladh.
2. Tá an Tiarna ag atógáil Iarúsailéim;tá sé ag bailiú díbeartaigh Iosrael le chéile.
3. Leigheasann sé lucht an chroí bhriste;agus déanann a gcréachtaí a cheangal.
4. Socraíonn sé líon na réaltaí;ainmníonn sé ina gceann is ina gceann iad.
5. Is mór é ár nDia agus is mór é a neart;níl teorainn ar bith lena eagna.
6. Ardaíonn an Tiarna na daoine ísle;agus leagann sé ar lár na hurchóidigh.
7. Canaigí don Tiarna le buíochas;seinnigí moladh ar an gcruit dár nDia,
8. an té a chlúdaíonn na spéartha le néalta;agus a thugann an fhearthainn don talamh.Cuireann sé an féar ag fás ar na sléibhte;agus luibheanna chun fónamh don duine.
9. Tugann sé a gcuid do na beithígh;agus beathaíonn gearrcaigh na bhfiach nuair a ghlaonn siad air.
10. Ní hé neart an eich is aoibhinn leis;ná ní hiad cosa an duine is taitneamhach leis.