Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 146:2-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. Molfaidh mé an Tiarna le mo bheo;molfaidh mé mo Dhia fad a mhairfidh mé.

3. Ná cuirigí bhur muinín i bhflatha,ná sa duine trí nach dtagann slánú.

4. Nuair a scarann an anáil leis filleann sé sa chréagus téann a bhearta ar ceal an uair sin.

5. Is méanar don té a bhfuil a chúnamh i nDia Iacóib;a chuireann a dhóchas sa Tiarna, a Dhia,

6. an té a rinne neamh agus talamh,an fharraige, agus gach a bhfuil iontu.An té a sheasann lena bhriathar de shíor;

7. agus a dhéanann ceart don dream atá faoi chois.Is é a thugann bia don ocrach.Is é an Tiarna a scaoileann na braighdeanaigh.

8. Osclaíonn sé súile na ndall. 8b Tógann sé suas an dream atá crom. 8c Tugann an Tiarna grá don fhíréan;

9. Cumhdaíonn an Tiarna an coimhthíoch; 9b déanann sé tacaíocht don dílleachtaí is don bhaintreach. 9c ach cuireann sé slí na bpeacach trína chéile.

10. Beidh an Tiarna i réim go brách,ina Dhia agat, a Shíón, ó ghlúin go glúin.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 146