Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 146:1-6 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Alleluia.Tabhair moladh don Tiarna, a anam liom.

2. Molfaidh mé an Tiarna le mo bheo;molfaidh mé mo Dhia fad a mhairfidh mé.

3. Ná cuirigí bhur muinín i bhflatha,ná sa duine trí nach dtagann slánú.

4. Nuair a scarann an anáil leis filleann sé sa chréagus téann a bhearta ar ceal an uair sin.

5. Is méanar don té a bhfuil a chúnamh i nDia Iacóib;a chuireann a dhóchas sa Tiarna, a Dhia,

6. an té a rinne neamh agus talamh,an fharraige, agus gach a bhfuil iontu.An té a sheasann lena bhriathar de shíor;

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 146