4. Cuireann siad faobhar ar a dteanga mar nathair;agus bíonn nimh na nathrach faoina mbeola.
5. Tarrthaigh mé ó láimh an urchóidigh, a Thiarna;cosain mé ar fhear an fhoréigin;is mian leo barrthuisle a bhaint asam.
6. Chuir na díomasaigh gaiste i bhfolach romham;leath siad líon agus téada romham;chuir siad súil ribe romham sa tslí. Selah
7. Deirim leis an Tiarna: “Mo Dhia thú!”Éist, a Thiarna, le glór mo ghuí.
8. A Thiarna Dia, is tú mo chabhair chumhachtach;cumhdaíonn tú mo cheann lá an chatha.
9. Ná géill, a Thiarna, do mhianta na n‑urchóideach;nár éirí lena mírúin mhailíseacha. Selah
10. Tógann an drong atá thart timpeall orm a gceann;go dtreascraí mailís a mbruas féin iad.
11. Go bhfeara sé sméaróidí dearga orthu anuas;go gcaithe sé isteach i bpoll talún iad,i dtreo is nach n‑éirí siad arís.