Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 140:3-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. ar lucht beartaithe an oilc ina gcroí,a mbíonn aighneas á mhúscailt de shíor acu.

4. Cuireann siad faobhar ar a dteanga mar nathair;agus bíonn nimh na nathrach faoina mbeola.

5. Tarrthaigh mé ó láimh an urchóidigh, a Thiarna;cosain mé ar fhear an fhoréigin;is mian leo barrthuisle a bhaint asam.

6. Chuir na díomasaigh gaiste i bhfolach romham;leath siad líon agus téada romham;chuir siad súil ribe romham sa tslí. Selah

7. Deirim leis an Tiarna: “Mo Dhia thú!”Éist, a Thiarna, le glór mo ghuí.

8. A Thiarna Dia, is tú mo chabhair chumhachtach;cumhdaíonn tú mo cheann lá an chatha.

9. Ná géill, a Thiarna, do mhianta na n‑urchóideach;nár éirí lena mírúin mhailíseacha. Selah

10. Tógann an drong atá thart timpeall orm a gceann;go dtreascraí mailís a mbruas féin iad.

11. Go bhfeara sé sméaróidí dearga orthu anuas;go gcaithe sé isteach i bpoll talún iad,i dtreo is nach n‑éirí siad arís.

12. Ní bheidh an rath ar fhear na drochtheanga;tiocfaidh an tubaiste ar fhear an fhoréigin.

13. Is eol dom go ndéanfaidh an Tiarna,ceart is cóir don duine bocht 's don duine dealbh.

14. Tabharfaidh na fíréin buíochas do d'ainm;agus mairfidh lucht an ionracais i do láthair.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 140