1. Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví.
2. Fuascail mé a Thiarna, ón drochdhuine;cosain mé ar fhear an fhoréigin,
3. ar lucht beartaithe an oilc ina gcroí,a mbíonn aighneas á mhúscailt de shíor acu.
4. Cuireann siad faobhar ar a dteanga mar nathair;agus bíonn nimh na nathrach faoina mbeola.
5. Tarrthaigh mé ó láimh an urchóidigh, a Thiarna;cosain mé ar fhear an fhoréigin;is mian leo barrthuisle a bhaint asam.
6. Chuir na díomasaigh gaiste i bhfolach romham;leath siad líon agus téada romham;chuir siad súil ribe romham sa tslí. Selah
7. Deirim leis an Tiarna: “Mo Dhia thú!”Éist, a Thiarna, le glór mo ghuí.