Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 14:1-5 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Do stiúrthóir an chóir. [Salm le] Dáiví.Deir an t‑amadán ina chroí:“Níl aon Dia ann.”Tá siad truaillithe: déanann siad gníomhartha gránna;níl aon duine maith ann.

2. Breathnaíonn an Tiarna ó neamhar chlann na ndaoinego bhfeice sé an bhfuil tuiscint ag aon duinenó an iarrfaidh sé Dia.

3. Chuaigh siad uile ar seachrán;truaillíodh iad uile,níl neach ann a dhéanann an mhaith:níl oiread is duine.

4. An ea nach bhfuil ciall ag lucht an oilc?Slogann siad mo phobalgo díreach mar a shlogfaí arán.Níor ghlaoigh siad ar an Tiarna.

5. Beidh an dream sin ar crith le heagla,óir tá Dia leis an bhfíréan.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 14