5. Imdhruideann tú ar chúl is ar bhéal mé;agus leagann tú do lámh orm de shíor.
6. Is ró-iontach, ró-uasal liom an t‑eolas seo;agus téann sé thar m'acmhainn a thuiscint.
7. Cá háit a rachaidh mé ó do spiorad?ná cá háit a dteithfidh mé ó do láthair?
8. Má ghabhaim in airde neimhe beidh tú ann romham;má luím san uaigh, beidh tú ansin romham freisin.
9. Má ghabhaim umam sciatháin na maidine,agus cónaí i gcríocha imchiana na farraige,
10. ansin féin beidh do lámh do mo sheoladh;agus béarfaidh tú orm le do dheasláimh.
11. Má deirim go bhfolóidh an dorchacht mé,agus go mbeidh solas an lae ina oíche umam,
12. ní dorcha leatsa an dorchacht:is comhsholas duit lá agus oíche.
13. Óir is tú a dheilbhigh go hiomlán mé;agus a d'fhuaigh i mbroinn mo mháthar mé.
14. Tugaim buíochas duit de bharr iontas mo dhéantúis;de bhrí gurb éachtach iad d'oibreacha.B'eol duit go hiomlán m'anamsa;
15. níor ceileadh ort fiú amháin mo chreat,nuair a cumadh os íseal mé, gur múnlaíodh i mbroinn na talún mé.
16. Chonaic do shúile mo ghníomhartha;óir scríobhadh iad uile i do leabhar;agus cinneadh dom mo laethanta go léir,sular tháinig ceann amháin acu ann.