Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 139:1-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví. 1 Scrúdaíonn tú mé, a Thiarna, agus is eol duit mé,

2. más luí dom, más suí dom, is eol duit é;is eol duit mo rún is mé i bhfad uait.

3. Más siúl dom, más suan dom, feiceann tú;is eol duit mo shlite go léir.

4. Sula gcluintear focal ar mo theanga,a Thiarna, is eol duit ar fad é.

5. Imdhruideann tú ar chúl is ar bhéal mé;agus leagann tú do lámh orm de shíor.

6. Is ró-iontach, ró-uasal liom an t‑eolas seo;agus téann sé thar m'acmhainn a thuiscint.

7. Cá háit a rachaidh mé ó do spiorad?ná cá háit a dteithfidh mé ó do láthair?

8. Má ghabhaim in airde neimhe beidh tú ann romham;má luím san uaigh, beidh tú ansin romham freisin.

9. Má ghabhaim umam sciatháin na maidine,agus cónaí i gcríocha imchiana na farraige,

10. ansin féin beidh do lámh do mo sheoladh;agus béarfaidh tú orm le do dheasláimh.

11. Má deirim go bhfolóidh an dorchacht mé,agus go mbeidh solas an lae ina oíche umam,

12. ní dorcha leatsa an dorchacht:is comhsholas duit lá agus oíche.

13. Óir is tú a dheilbhigh go hiomlán mé;agus a d'fhuaigh i mbroinn mo mháthar mé.

14. Tugaim buíochas duit de bharr iontas mo dhéantúis;de bhrí gurb éachtach iad d'oibreacha.B'eol duit go hiomlán m'anamsa;

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 139