4. Molfaidh ríthe uile na cruinne thú, a Thiarna,nuair a chluinfidh siad briathra do bhéil.
5. Canfaidh siad faoi shlite an Tiarna:“Nach éachtach í glóir an Tiarna!”
6. Dá airde é an Tiarna is cúram dó an t‑íseal;ach breathnaíonn sé an t‑uaibhreach i bhfad uaidh.
7. Bíodh go siúlaim i lár na trioblóide,tugann tú beatha dom in aghaidh fraoch m'eascairde.Síneann tú do lámh chugam do mo shaoradh;agus fóirfidh tú orm le do dheasláimh.
8. Cuirfidh an Tiarna chun cinn a bhfuil tosaithe aige dom.Maireann do bhuanghrá go síoraí, a Thiarna;ná caith dímheas ar shaothar do lámh.