Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 138:1-6 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Le Dáiví. 1 A Thiarna, gabhaim buíochas leat ó chroí;óir d'éist tú le briathra mo bhéil.Seinnfidh mé duit i bhfianaise na n‑aingeal;

2. agus sléachtfaidh mé ag do theampall naofa.Gabhaim buíochas leat as ucht do bhuanghrá agus do dhílse,a sháraíonn ar [ar chualamar riamh fút].

3. D'éist tú liom nuair a ghlaoigh mé ort;agus chuir tú le neart m'anama.

4. Molfaidh ríthe uile na cruinne thú, a Thiarna,nuair a chluinfidh siad briathra do bhéil.

5. Canfaidh siad faoi shlite an Tiarna:“Nach éachtach í glóir an Tiarna!”

6. Dá airde é an Tiarna is cúram dó an t‑íseal;ach breathnaíonn sé an t‑uaibhreach i bhfad uaidh.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 138