Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 132:8-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. Gabh isteach in áit do shuaimhnis, a Thiarna,tú féin agus áirc do mhaorgachta.

9. Go raibh éadaí na fíréantachta ar do shagairt;go raibh do naoimh ag canadh go meidhreach.

10. Ar mhaithe le Dáiví do sheirbhíseach,ná diúltaigh don té a d'ung tú.

11. Mhionnaigh an Tiarna do Dháiví,briathar daingean nach rachaidh sé siar air:“Is é mac do cholainne féina chuirfidh mé ar do chathaoir ríoga.

12. Má choimeádann do chlann mo chonradh,agus na teagaisc a mhúinfidh mé dóibh,beidh a gclann siúd freisin go bráchina suí ar do chathaoir ríoga.”

13. Óir roghnaigh an Tiarna Síón;is é ba rogha leis mar áras dó féin.

14. Is é seo áit mo shuaimhnis go brách;bainfidh mé fum ann óir is ann atá mo thaitneamh.

15. Beannóidh mé le flúirse bia é;tabharfaidh mé a sáith dá dhaoine bochta.

16. Gléasfaidh mé a shagairt le slánú,agus beidh a chuid fíréan ag canadh go meidhreach.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 132