Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 132:1-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Amhrán Oilithreach. 1 Cuimhnigh, a Thiarna, ar Dháiví,agus ar a bhfuair sé de dhua agus de dhochraide,

2. ar an mionn a mhionnaigh sé don Tiarna,ar a mhóid do Neach cumhachtach Iacóib:

3. “Ní rachaidh mé faoi dhíon mo thí;ná ní luífidh mé ar an leaba a cóiríodh dom.

4. Ní thabharfaidh mé suan do mo shúile;ná codladh do rinn mo rosc

5. nó go bhfaighidh mé ionad don Tiarna,teach cónaithe do Neach cumhachtach Iacóib.”

6. Chualamar trácht air, féach, in Eafrát;agus fuaireamar é ar mhachairí Iár.

7. “Téimis isteach ina áras;agus adhraimis ag stóilín a chos.”

8. Gabh isteach in áit do shuaimhnis, a Thiarna,tú féin agus áirc do mhaorgachta.

9. Go raibh éadaí na fíréantachta ar do shagairt;go raibh do naoimh ag canadh go meidhreach.

10. Ar mhaithe le Dáiví do sheirbhíseach,ná diúltaigh don té a d'ung tú.

11. Mhionnaigh an Tiarna do Dháiví,briathar daingean nach rachaidh sé siar air:“Is é mac do cholainne féina chuirfidh mé ar do chathaoir ríoga.

12. Má choimeádann do chlann mo chonradh,agus na teagaisc a mhúinfidh mé dóibh,beidh a gclann siúd freisin go bráchina suí ar do chathaoir ríoga.”

13. Óir roghnaigh an Tiarna Síón;is é ba rogha leis mar áras dó féin.

14. Is é seo áit mo shuaimhnis go brách;bainfidh mé fum ann óir is ann atá mo thaitneamh.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 132