Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 130:3-8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Má fhéachann tú ár gcionta, a Thiarna,a Thiarna, cé rachaidh slán?

4. Ach is leat na peacaí a mhaitheamh;ionas go riarfaí go humhal duit.

5. Tá muinín ag m'anam as an Tiarna;ar a bhriathar atá mo sheasamh.

6. Is foighní m'anam ag feitheamh leis an Tiarna,ná lucht faire leis an maidin.Bíonn lucht faire ag faire leis an maidin,

7. agus Iosrael leis an Tiarna,de bhrí gur ag an Tiarna atá an trócaire,agus an fhuascailt fhairsing.

8. Agus is é a dhéanfaidh Iosrael a fhuascailtóna gcionta go léir.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 130