Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 13:1-6 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Do stiúrthóir an chóir. Salm Dháiví.

2. Cá fhad, a Thiarna, a fhágfaidh tú i ndíchuimhne mé?Cá fhad a choinneoidh tú d'aghaidh i bhfolach orm?

3. Cá fhad a mhairfidh m'anam á bhuaireamhagus cathú i mo chroí i gcaitheamh an lae?Cá fhad a choimeádfaidh mo namhaid faoina réir mé?

4. Féach orm agus freagair mé a Thiarna, a Dhia liom.Soilsigh mo shúile sula dtitfidh codladh an bháis orm,

5. sula ndéarfaidh mo namhaid go bhfuair sé an bua orm,sula ndéanfaidh m'eascairde lúcháir toisc gur thit mé.

6. Chuir mise mo dhóchas i do bhuanghrá daingean,beidh áthas ar mo chroí de bharr do shlánaithe, 6 agus molfaidh mé an Tiarna, mar go raibh sé fial liom.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 13