Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 129:1-8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Amhrán Oilithreach. 1 Is minic a crádh mé ó m'óige;abradh Iosrael anois:

2. Is minic a crádh mé ó m'óige,ach ní dhearnadh mo threascairt.

3. Bhí fir chéachta ag réabhadh ar mo dhroim;rinne siad a gclaiseanna fada.

4. Ach ghearr an Tiarna fíréantacordaí na n‑éagráifeach.

5. An dream ar fuath leo Síón,go gcuirtear ar gcúl iad faoi náire.

6. Gura cosúil iad le féar ar dhíon tí,a sheargann sula sceitheann sé;

7. nach líonann an buanaí a lámh leis,ná an fear ceangail a bhrollach.

8. Agus nach ndéarfaidh lucht taistil na slí“Bail ó Dhia ar an obair!Beannaímid sibh in ainm an Tiarna;anois agus choíche!”

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 129