1. Amhrán Oilithreach. 1 Is minic a crádh mé ó m'óige;abradh Iosrael anois:
2. Is minic a crádh mé ó m'óige,ach ní dhearnadh mo threascairt.
3. Bhí fir chéachta ag réabhadh ar mo dhroim;rinne siad a gclaiseanna fada.
4. Ach ghearr an Tiarna fíréantacordaí na n‑éagráifeach.
5. An dream ar fuath leo Síón,go gcuirtear ar gcúl iad faoi náire.