Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 126:1-6 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Amhrán Oilithreach. 1 Nuair a sheol an Tiarna príosúnaigh Shíón ar ais,ba chosúil le lucht aislinge sinn.

2. Líon ár mbéal le gáire,agus ár dteanga le gairdeas.Bhíothas á rá ansin i measc na gciníocha:“Rinne an Tiarna go héachtach dóibh.”

3. Rinne an Tiarna na héachtaí dúinn;bhí áthas orainn go deimhin.

4. Cuir sonas orainn arís, a Thiarna,mar shruthanna sa Neigib.

5. An dream a chuireann síol le deora,bainfidh siad an fómhar faoi ghairdeas.

6. Ag sileadh deor dóibh gabhann siad amach,ag iompar síl chun a scaipthe.Ag teacht ar ais dóibh tagann siad faoi áthas,agus a bpunanna á n‑iompar acu.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 126