1. Amhrán oilithreach. Le Dáiví. 1 Rinne mé gairdeas nuair a dúradh liom:“Rachaimid isteach i dteach an Tiarna.”
2. Tá ár gcosa ina seasamh cheana féini do dhoirse, a Iarúsailéim.
3. Rinneadh cathair Iarúsailéim a thógáilgo dlúth is go daingean.
4. Is chuici suas a ghabhann na treibheanna,treibheanna an Tiarna,d'fhonn is go dtugaidís fianaise do Iosrael,agus buíochas don Tiarna.
5. Is ansiúd atá cathaoir an bhreithiúnais,cathaoir do theaghlach Dháiví.