Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 114:1-8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Alleluia.Nuair a tháinig Iosrael as an Éigipt amach,teaghlach Iacóib ón bpobal barbartha,

2. rinneadh sanctóir an Tiarna de Iúdá,agus tharla Iosrael ina ríocht aige.

3. Chonaic an mhuir agus theith sí;agus chas an Iordáin ar ais.

4. Ghabh na sléibhte ag léimneach amhail reithí,agus na cnocáin ar nós uan óg.

5. Cad fáth, a mhuir, go dteitheann tú?Cad chuige duit, a Iordáin, casadh ar ais?

6. Cad fáth a léimeann sibh, a shléibhte amhail reithí,agus a chnocána, ar nós uan óg?

7. Bí ar crith, a thalaimh, i láthair an Tiarna;creathnaigh i láthair Dhia Iacóib,

8. a chlaochlaigh an charraig ina linn,agus an aill ina foinse uisce.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 114