Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 110:1-7 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Salm Dháiví. 1 D'fhoilsigh an Tiarna do mo thiarnasa:“Bí i do shuí ar mo dheisgo gcuirfidh mé do naimhde mar stól faoi do chosa.”

2. Sínfidh an Tiarna ríshlat do chumhachtaas Síón amach.Bí ag rialú i measc do naimhde.

3. Is leatsa an ceannas ó lá do bhreithear na sléibhte naofa;is leat [an ríogacht ó fhíorthús d'óige].

4. Mhionnaigh an Tiarna, ní bheidh aithreachas air:“Is sagart tú go bráchde réir ord Mheilcizidic.”

5. Tá an Tiarna ina sheasamh ar do dheis;déanfaidh sé smionagar de ríthe lá na feirge.

6. Tabharfaidh sé breithiúnas ar na náisiúin,déanfaidh sé carn de chonablaigh;brisfidh sé cinn urra go fada fairsing.

7. Ólfaidh sé as an sruth cois bóthair;agus dá bhrí sin tógfaidh sé a cheann.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 110