Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 107:8-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. Gabhaidís buíochas leis an Tiarna as ucht a bhuanghrá,as ucht na n‑iontas a dhéanann sé don Ádhamchlann,

9. de bhrí gur shásaigh sé an t‑anam tartmhar,agus gur líon sé de nithe fónta an t‑anam ocrach.

10. Bhí siad ina suí sa duifean agus sa dorchacht,i gcuibhreacha na hainnise agus an iarainn,

11. toisc go ndeachaigh siad in easumhlaíocht ar Dhia,agus gur neamhshuim leo comhairle an Neach is Airde.

12. D'ísligh sé a gcroí le buairt;thuisligh siad; ní raibh aon neach lena dtarrtháil.

13. Ach ghlaoigh siad ar an Tiarna ina ngátar,agus rinne sé a bhfuascailt óna mbuaireamh.

14. Thug sé amach as an duifean agus an dorchacht iad;agus réab sé a gcuibhreacha ó chéile.

15. Gabhaidís buíochas leis an Tiarna as ucht a bhuanghrá;as ucht na n‑iontas a dhéanann sé don Ádhamhchlann.

16. Óir rinne sé smionagar de na doirse práisagus réab sé na sparraí iarainn ó chéile.

17. Buaileadh breoite iad de dheasca a bpeacaí;bhíodar á gcrá de dheasca a gcionta.

18. Ba ghráin leo an uile shórt bia;agus dhruid siad le doirse an bháis.

19. Ach ghlaoigh siad ar an Tiarna ina ngátar;agus rinne sé a bhfuascailt óna mbuaireamh.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 107