Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 107:27-43 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

27. Bhí siad ag tuisliú is ag titim amhail lucht meisce,mar dhaoine a bhí i mbarr a gcéille.

28. Ach ghlaoigh siad ar an Tiarna ina ngátar;agus rinne sé a bhfuascailt óna mbuaireamh.

29. Chiúnaigh sé an t‑anfa is an doineann;agus chuir tonnta na mara ina dtost.

30. Ghabh áthas iad as ucht an chiúnais;agus sheol sé iad sa chuan ba mhian leo.

31. Gabhaidís buíochas leis an Tiarna as ucht a bhuanghrá,as ucht na n‑iontas a dhéanann sé don Ádhamhchlann.

32. Tugaidís moladh dó i gcomhthionól an phobail;déanaidís a mhóradh i seanad na sean.

33. Rinne sé fásach de shruthanna;talamh tirim de thoibreacha uisce;

34. riasca salainn de thalamh torthúilmar gheall ar urchóid a lucht áitrithe.

35. Agus rinne sé locha uisce den fhásach;toibreacha uisce den talamh tur tirim.

36. Agus chuir sé lucht an ocrais ag lonnú ann;agus bhunaigh siad ann cathair ináitrithe.

37. Chuir siad síol ann agus phlandaigh siad fíniúna;agus thug an talamh barr ar fheabhas dóibh.

38. Bheannaigh sé iad agus chuaigh siad i líonmhaireacht;níor lig sé dá dtréada dul i laghad.

39. Ach caitheann sé dímheas le flatha;agus ligeann ar seachrán slí iad san fhásach.

40. Agus téann siad i laghad agus i laige;de thoisc iomad a n‑olc is a n‑angar.

41. Ach tógann sé na boicht as a n‑ainnise,go ndéanann a dteaghlaigh chomh líonmhar le tréada.

42. Feiceann na fíréin agus déanann siad gairdeas,agus cuirtear an uile urchóid ina tost.

43. Tabharfaidh an t‑eagnaí na nithe seo dá aire;agus beidh tuiscint aige ar bhuanghrá an Tiarna.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 107