Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 107:13-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. Ach ghlaoigh siad ar an Tiarna ina ngátar,agus rinne sé a bhfuascailt óna mbuaireamh.

14. Thug sé amach as an duifean agus an dorchacht iad;agus réab sé a gcuibhreacha ó chéile.

15. Gabhaidís buíochas leis an Tiarna as ucht a bhuanghrá;as ucht na n‑iontas a dhéanann sé don Ádhamhchlann.

16. Óir rinne sé smionagar de na doirse práisagus réab sé na sparraí iarainn ó chéile.

17. Buaileadh breoite iad de dheasca a bpeacaí;bhíodar á gcrá de dheasca a gcionta.

18. Ba ghráin leo an uile shórt bia;agus dhruid siad le doirse an bháis.

19. Ach ghlaoigh siad ar an Tiarna ina ngátar;agus rinne sé a bhfuascailt óna mbuaireamh.

20. Chuir sé a bhriathar chucu á leigheas;agus saoradh iad ón scrios a bhí ag bagairt orthu.

21. Gabhaidís buíochas leis an Tiarna as ucht a bhuanghrá;as ucht na n‑iontas a dhéanann sé don Ádhamchlann.

22. Ofrálaidís a n‑íobairtí buíochais,agus fógraídís a éachtaí go háthasach.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 107