1. Tugaigí buíochas don Tiarna toisc gur maith é,toisc go maireann a bhuanghrá go brách.
2. Abradh amhlaidh an dream ar shlánaigh an Tiarna iad,an dream a shlánaigh sé ó láimh an namhad,
3. agus a chruinnigh sé ó thíortha i gcéin,anoir, aniar, aneas agus aduaidh.
4. Ghabh siad ar seachrán in uaigneas an fhásaigh;níor aimsigh siad slí chuig cathair chónaithe.
5. Bhí ocras agus tart as cuimse orthu,go raibh siad i ndeireadh a n‑anama.
6. Ach ghlaoigh siad ar an Tiarna ina ngátar;agus rinne sé a bhfuascailt óna n‑anacraí,
7. agus sheol sé ar an mbóthar díreach iadionas gur aimsigh siad cathair chónaithe.
8. Gabhaidís buíochas leis an Tiarna as ucht a bhuanghrá,as ucht na n‑iontas a dhéanann sé don Ádhamchlann,
9. de bhrí gur shásaigh sé an t‑anam tartmhar,agus gur líon sé de nithe fónta an t‑anam ocrach.