1. Tugaigí buíochas don Tiarna toisc gur maith é,toisc go maireann a bhuanghrá go brách.
2. Abradh amhlaidh an dream ar shlánaigh an Tiarna iad,an dream a shlánaigh sé ó láimh an namhad,
3. agus a chruinnigh sé ó thíortha i gcéin,anoir, aniar, aneas agus aduaidh.
4. Ghabh siad ar seachrán in uaigneas an fhásaigh;níor aimsigh siad slí chuig cathair chónaithe.
5. Bhí ocras agus tart as cuimse orthu,go raibh siad i ndeireadh a n‑anama.