Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 104:9-28 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Chuir tú teorainn leo nár chead dóibh dul thairsti,sula bhfolaidís an talamh as úire.

10. Cuireann tú toibreacha ag brúchtadh isteach sna haibhneacha;agus sníonn siad idir na sléibhte.

11. Tugann siad deoch d'ainmhithe an mhachaire;agus múchann na hasail allta a dtart iontu.

12. Cónaíonn éanlaith an aeir ar a mbruacha;agus iad ag ceiliúradh i measc na gcraobhacha.

13. Uiscíonn tú na sléibhte ó d'áras cónaithe;líontar an talamh de thoradh do shaothair.

14. Cuireann tú an féar ag fás don bhólacht,agus luibheanna ar mhaithe leis an duinechun go mbaine sé arán as an talamh,

15. agus fíon a chuireann áthas ar an duine,d'fhonn aoibh a chur ar a aghaidh le hola,agus a chroí a neartú le harán.

16. Tá crainn an Tiarna lán de shúlach;na crainn chéadair a phlandaigh sé sa Liobáin.

17. Is iontu a dhéanann na héin a neadacha;agus neadaíonn an chorr bhán sa chrann giúise.

18. Na sléibhte is dídean do na gabhair allta;agus bíonn na broic i bhfolach sna creaga.

19. Rinne tú an ghealach chun na séasúir a fhógairt;is eol don ghrian tráth a turnaimh.

20. Leathann tú an dorchacht go mbíonn ina oíche,agus go mbíonn ainmhithe uile na coille ar a seilg -

21. Na coileáin leoin ag búiríl chun a gcreiche,is iad ag éileamh a gcoda ar Dhia.

22. Bailíonn siad leo le héirí na gréine,go dtéann siad ina luí ina bpluaiseanna.

23. Gabhann an duine amach chun a oibreag saothrú leis go dtí an tráthnóna.

24. Nach líonmhar iad d'oibreacha, a Thiarna!rinne tú gach aon ní le heagna;is comhlán an chruinne dá bhfuil déanta agat.

25. Féach an fharraige is í ar leathadh go fairsingis ag cur thar maoil le créatúir gan áireamh,dúile beo, idir bheag agus mhór.

26. Is uirthi a sheolann an loingeas;agus an Leiviatan a rinne tú le bheith ag súgradh inti.

27. Bíonn siad siúd go léir ag brath ort;chun iad a bheathú in am trátha.

28. Cruinníonn siad le chéile a dtugann tú dóibh;leathann tú do lámh agus líontar iad.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 104