14. Cuireann tú an féar ag fás don bhólacht,agus luibheanna ar mhaithe leis an duinechun go mbaine sé arán as an talamh,
15. agus fíon a chuireann áthas ar an duine,d'fhonn aoibh a chur ar a aghaidh le hola,agus a chroí a neartú le harán.
16. Tá crainn an Tiarna lán de shúlach;na crainn chéadair a phlandaigh sé sa Liobáin.
17. Is iontu a dhéanann na héin a neadacha;agus neadaíonn an chorr bhán sa chrann giúise.
18. Na sléibhte is dídean do na gabhair allta;agus bíonn na broic i bhfolach sna creaga.
19. Rinne tú an ghealach chun na séasúir a fhógairt;is eol don ghrian tráth a turnaimh.
20. Leathann tú an dorchacht go mbíonn ina oíche,agus go mbíonn ainmhithe uile na coille ar a seilg -
21. Na coileáin leoin ag búiríl chun a gcreiche,is iad ag éileamh a gcoda ar Dhia.
22. Bailíonn siad leo le héirí na gréine,go dtéann siad ina luí ina bpluaiseanna.
23. Gabhann an duine amach chun a oibreag saothrú leis go dtí an tráthnóna.
24. Nach líonmhar iad d'oibreacha, a Thiarna!rinne tú gach aon ní le heagna;is comhlán an chruinne dá bhfuil déanta agat.
25. Féach an fharraige is í ar leathadh go fairsingis ag cur thar maoil le créatúir gan áireamh,dúile beo, idir bheag agus mhór.