Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Salm 104:1-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Beannaigh an Tiarna, a anam liom!A Thiarna Dia, is rómhór tú go dearfa;tá tú éadaithe i maorgacht agus maise;

2. tá tú gléasta le solas mar le fallaing.Leath tú na spéartha mar bhrat botha;

3. thóg tú d'áras os cionn na díleann.Bíonn na néalta agat mar charbadag marcaíocht duit ar sciatháin na gaoithe.

4. Déanann tú teachtairí de na gaotha,agus timirí den tine lasrach.

5. Chuir tú an talamh ina sheasamh ar a bhonn;ní dhéanfar a bhogadh go brách na breithe.

6. Chlúdaigh tú leis an aigéan é mar le brationas gur fholaigh na huiscí na sléibhte.

7. Theith siad nuair a rinne tú a gcáineadh;ghabh eagla iad roimh thorann do thoirní.

8. D'éirigh na sléibhte agus d'ísligh na gleanntachun an ionaid a cheap tú dóibh.

9. Chuir tú teorainn leo nár chead dóibh dul thairsti,sula bhfolaidís an talamh as úire.

10. Cuireann tú toibreacha ag brúchtadh isteach sna haibhneacha;agus sníonn siad idir na sléibhte.

11. Tugann siad deoch d'ainmhithe an mhachaire;agus múchann na hasail allta a dtart iontu.

12. Cónaíonn éanlaith an aeir ar a mbruacha;agus iad ag ceiliúradh i measc na gcraobhacha.

13. Uiscíonn tú na sléibhte ó d'áras cónaithe;líontar an talamh de thoradh do shaothair.

Léigh chaibidil críochnaithe Salm 104