Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Rút 4:7-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Ba é an nós é sa seansaol in Iosrael i ngnóthaí fuascailte nó malartaithe, d'fhonn margadh a dhaingniú, go mbainfeadh duine a chuarán de, agus é a thabhairt don duine eile, agus ba mar sin a dhéantaí an daingniú in Iosrael i láthair finnéithe.

8. Nuair a dúirt an gaol ba ghaire le Boaz: “Ceannaigh duit féin é,” bhain sé a chuarán de.

9. Ansin dúirt Boaz leis na seanóirí agus leis an bpobal uile: “Finnéithe sibh inniu air gur cheannaigh mé ó láimh Náoimí gach ar bhain le Eilímeilic, le Cilión agus le Machlón;

10. mar an gcéanna gur cheannaigh mé Rút an Móábach, baintreach Mhachlón le bheith mar bhean agam, chun ainm an mhairbh a choimeád buan ar a oidhreacht d'fhonn nach dteipfeadh ainm an mhairbh i measc a bhráithre ná ag geata a bhaile dúchais. Finnéithe air sin sibhse.”

11. Dúirt a raibh ag an ngeata agus na seanóirí: “Is finnéithe sinn. Go ndéana an Tiarna an bhean atá ag teacht ar do theaghlach a thabhairt ar aon dul le Ráchael agus le Léá, an bheirt a thóg suas teaghlach Iosrael as láimh a chéile. Go raibh an rath ort in Eafrátá, agus cáil ort i mBeithil.

12. Agus go raibh do theaghlach mar theaghlach Pheiriz (a rug Támár do Iúdá) de bharr na clainne a thabharfaidh an Tiarna duit ón mbean óg seo.”

13. Thóg Boaz Rút leis mar sin agus bhí sí mar bhean aige. Agus nuair a luigh siad le chéile, bhronn an Tiarna gin uirthi, agus rug sí mac.

14. Agus dúirt na mná le Náoimí: “Moladh leis an Tiarna nár fhág [an marbh] gan bráthair gaoil inniu chun a ainm a bhuanú in Iosrael.

15. Tabharfaidh an leanbh misneach duit agus beidh sé mar theannta agat i do sheanaois, óir is í bean do mhic a rug é, an té ar mo é do ghrá di na do sheachtar mac.”

16. Agus thóg Náoimí an leanbh agus chuir ina hucht é, agus bhí ina buime aige.

17. Agus thug mná na comharsanachta ainm air. “Saolaíodh mac do Náoimí,” a dúradar, agus thugadar Óbaed air. Ba eisean athair Ieise, athair Dháiví.

18. Seo iad sliocht Pheiriz: ghin Peiriz Heazrón;

19. ghin Heazrón Rám; ghin Rám Amaineádáb;

20. ghin Amaineádáb Nachsón; ghin Nachsón Salmón;

21. ghin Salmón Boaz; ghin Boaz Óbaed;

22. ghin Óbaed Ieise, agus ghin Ieise Dáiví.

Léigh chaibidil críochnaithe Rút 4