Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Rút 4:1-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Chuaigh Boaz go dtí an geata agus shuigh sé ansiúd, agus seo chuige an gaol gairid ar ar labhair sé. Dúirt Boaz: “Gabh i leith, a chara, agus suigh taobh liom,” agus tháinig sé agus shuigh.

2. Ansin rinne sé deichniúr de sheanóirí na cathrach a thoghadh agus dúirt leo: “Suígí síos anseo,” agus shuíodar.

3. Ansin dúirt sé leis an bhfear gaoil: “Náoimí, an bhean a d'fhill ar ais ó thír Mhóáb, tá sí ag díol an phaiste talún a bhí ag Eilímeilic ár ngaol.

4. Shíleas nár mhiste é sin a insint duit agus a rá leat: Ceannaigh é i bhfianaise na muintire atá ina suí anseo, agus i bhfianaise seanóirí mo phobail. Más mian leat do cheart fuascailte air a chur i bhfeidhm, fuascail é. Mura ndéanann tú, inis dom é agus beidh a fhios agam, mar seachas tusa, níl aon duine eile chun é a fhuascailt ach mise; ach tá an tosach agat orm.” Dúirt sé: “Táim sásta é a fhuascailt.”

5. Ansin lean Boaz air: “An lá a cheannóidh tú an paiste talún ó láimh Náoimí, ceannóidh tú [Rút] chomh maith, an Móábach, baintreach an mhairbh, agus ar an gcuma sin tabharfaidh tú a ainm ar ais dá oidhreacht.”

6. Ansin dúirt an té a raibh an ceart fuascailte aige: “Ní féidir dom feidhm a bhaint as mo cheart fuascailte dá réir sin gan m'oidhreacht féin a chur i bhfiontar. Cuirse féin mo cheart fuascailte i bhfeidhm ós rud é nach féidir domsa é a dhéanamh.”

7. Ba é an nós é sa seansaol in Iosrael i ngnóthaí fuascailte nó malartaithe, d'fhonn margadh a dhaingniú, go mbainfeadh duine a chuarán de, agus é a thabhairt don duine eile, agus ba mar sin a dhéantaí an daingniú in Iosrael i láthair finnéithe.

8. Nuair a dúirt an gaol ba ghaire le Boaz: “Ceannaigh duit féin é,” bhain sé a chuarán de.

9. Ansin dúirt Boaz leis na seanóirí agus leis an bpobal uile: “Finnéithe sibh inniu air gur cheannaigh mé ó láimh Náoimí gach ar bhain le Eilímeilic, le Cilión agus le Machlón;

10. mar an gcéanna gur cheannaigh mé Rút an Móábach, baintreach Mhachlón le bheith mar bhean agam, chun ainm an mhairbh a choimeád buan ar a oidhreacht d'fhonn nach dteipfeadh ainm an mhairbh i measc a bhráithre ná ag geata a bhaile dúchais. Finnéithe air sin sibhse.”

11. Dúirt a raibh ag an ngeata agus na seanóirí: “Is finnéithe sinn. Go ndéana an Tiarna an bhean atá ag teacht ar do theaghlach a thabhairt ar aon dul le Ráchael agus le Léá, an bheirt a thóg suas teaghlach Iosrael as láimh a chéile. Go raibh an rath ort in Eafrátá, agus cáil ort i mBeithil.

12. Agus go raibh do theaghlach mar theaghlach Pheiriz (a rug Támár do Iúdá) de bharr na clainne a thabharfaidh an Tiarna duit ón mbean óg seo.”

13. Thóg Boaz Rút leis mar sin agus bhí sí mar bhean aige. Agus nuair a luigh siad le chéile, bhronn an Tiarna gin uirthi, agus rug sí mac.

14. Agus dúirt na mná le Náoimí: “Moladh leis an Tiarna nár fhág [an marbh] gan bráthair gaoil inniu chun a ainm a bhuanú in Iosrael.

Léigh chaibidil críochnaithe Rút 4