Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Rút 3:8-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. I lár na hoíche dhúisigh an fear, d'fhéach ina thimpeall agus ba shiúd an bhean ina luí ag a chosa.

9. Dúirt sé léi: “Cé hí thú féin?” D'fhreagair sí: “Mise Rút do bhanseirbhíseach. Leath beann do bhrait ar do bhanseirbhíseach, óir tá ceart fuascailte agat orm.”

10. “Go gcuire an Tiarna a bheannacht ort, a iníon ó,” arsa Boaz, “mar gur mó an cineáltas seo de do chuid ná ar ghabh roimhe, mar ní dheachaigh tú ar thóir ógánach saibhir ná daibhir.

11. Ná bíodh aon eagla ort más ea, a iníon ó; déanfaidh mé díreach mar a iarrfaidh tú óir tá a fhios ag muintir mo chathrach go léir a fheabhas de bhean thú.

12. Anois fág gur fíor go bhfuil ceart fuascailte agam ort, tá fear ann ar gaire é a ghaol leat.

13. Fan anseo anocht, agus más mian leis ar maidin amárach a cheart fuascailte ort a chur i bhfeidhm, bíodh aige agus fuasclaíodh sé thú. Ach mura mian leis sin a dhéanamh, dar an Tiarna beo, déanfaidh mé féin thú a fhuascailt. Luigh síos anois go maidin.”

14. Luigh sí ag a chosa dá bhrí sin go maidin, ach d'éirigh [Boaz] roimh an tráth a d'aithneodh daoine a chéile, “mar,” ar sé, “ní foláir a cheilt gur tháinig an bhean seo chun an urláir bhuailte.”

15. Ansin dúirt sé léi: “Tabhair leat an brat atá á chaitheamh agat agus leath amach é.” Leath sí roimhe é agus chuir seisean sé thomhas eorna ann, agus d'ardaigh uirthi é. D'imigh sí léi isteach sa chathair ansin.

16. Nuair a shroich sí máthair a céile, d'fhiafraigh sise: “Conas a bhí agat, a iníon ó?” Ansin d'inis sí gach a ndearna an fear di.

17. Lean sí uirthi: “Agus thug sé na sé thomhas plúir seo dom,” ar sí, “agus dúirt sé liom: ‘Déan deimhin de nach folamh a rachaidh tú ar ais chun máthair do chéile.’ ”

Léigh chaibidil críochnaithe Rút 3