Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Rút 3:2-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. Anois nach gaol dúinn Boaz a raibh tú i bhfochair a mheithle? Féach beidh sé ag cáitheadh na heorna anocht ar an urlár buailte.

3. Déan thú féin a ní, dá bhrí sin, agus a ungadh, agus cuir do thogha éadaigh ort, agus síos leat chun an urláir; ach ná cuir thú féin in aithne dó, nó go mbeidh bia agus deoch caite aige.

4. Nuair a luífidh sé, fair ar an áit ina luífidh agus téigh isteach agus bain an brat dá chosa agus luighse féin ansiúd. Inseoidh sé duit céard a bheidh le déanamh agat.”

5. D'fhreagair sí: “Déanfaidh mé gach a bhfuil ráite agat.”

6. Ghabh sí síos chun an urláir bhuailte agus rinne rud ar mháthair a céile go beacht.

7. Nuair a bhí bia ite agus deoch ólta ag Boaz agus go raibh sé go súgach, chuaigh sé a luí ag imeall an charn arbhair. Ansin tháinig sí os iseal agus chas siar an brat a bhí ar a chosa agus luigh ansiúd.

8. I lár na hoíche dhúisigh an fear, d'fhéach ina thimpeall agus ba shiúd an bhean ina luí ag a chosa.

9. Dúirt sé léi: “Cé hí thú féin?” D'fhreagair sí: “Mise Rút do bhanseirbhíseach. Leath beann do bhrait ar do bhanseirbhíseach, óir tá ceart fuascailte agat orm.”

10. “Go gcuire an Tiarna a bheannacht ort, a iníon ó,” arsa Boaz, “mar gur mó an cineáltas seo de do chuid ná ar ghabh roimhe, mar ní dheachaigh tú ar thóir ógánach saibhir ná daibhir.

11. Ná bíodh aon eagla ort más ea, a iníon ó; déanfaidh mé díreach mar a iarrfaidh tú óir tá a fhios ag muintir mo chathrach go léir a fheabhas de bhean thú.

12. Anois fág gur fíor go bhfuil ceart fuascailte agam ort, tá fear ann ar gaire é a ghaol leat.

13. Fan anseo anocht, agus más mian leis ar maidin amárach a cheart fuascailte ort a chur i bhfeidhm, bíodh aige agus fuasclaíodh sé thú. Ach mura mian leis sin a dhéanamh, dar an Tiarna beo, déanfaidh mé féin thú a fhuascailt. Luigh síos anois go maidin.”

14. Luigh sí ag a chosa dá bhrí sin go maidin, ach d'éirigh [Boaz] roimh an tráth a d'aithneodh daoine a chéile, “mar,” ar sé, “ní foláir a cheilt gur tháinig an bhean seo chun an urláir bhuailte.”

Léigh chaibidil críochnaithe Rút 3