Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Rút 3:1-7 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ansin dúirt Náoimí máthair a céile léi: “A iníon ó, nach é mo ghnó féachaint chuige go gcuirfidh tú fút go socair sásta.

2. Anois nach gaol dúinn Boaz a raibh tú i bhfochair a mheithle? Féach beidh sé ag cáitheadh na heorna anocht ar an urlár buailte.

3. Déan thú féin a ní, dá bhrí sin, agus a ungadh, agus cuir do thogha éadaigh ort, agus síos leat chun an urláir; ach ná cuir thú féin in aithne dó, nó go mbeidh bia agus deoch caite aige.

4. Nuair a luífidh sé, fair ar an áit ina luífidh agus téigh isteach agus bain an brat dá chosa agus luighse féin ansiúd. Inseoidh sé duit céard a bheidh le déanamh agat.”

5. D'fhreagair sí: “Déanfaidh mé gach a bhfuil ráite agat.”

6. Ghabh sí síos chun an urláir bhuailte agus rinne rud ar mháthair a céile go beacht.

7. Nuair a bhí bia ite agus deoch ólta ag Boaz agus go raibh sé go súgach, chuaigh sé a luí ag imeall an charn arbhair. Ansin tháinig sí os iseal agus chas siar an brat a bhí ar a chosa agus luigh ansiúd.

Léigh chaibidil críochnaithe Rút 3