Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Rút 2 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Rút i nGoirt Bhoaz

1. Bhí fear gaoil ag Náoimí de thaobh a fir, fear an-saibhir de shliocht Eilímeilic agus Boaz ab ainm dó.

2. Dúirt Rút an Móábach mná le Náoimí: “Lig dom dul amach sna goirt chun na diasa a bhailiú i ndiaidh duine éigin a mbeadh lé aige liom.” “Imigh leat, a iníon ó,” ar sise léi.

3. D'imigh sí léi agus bhí sí ag bailiú na ndias i ndiaidh na mbuanaithe sna goirt agus tháinig sí go cuid Bhoaz, d'fhine Eilímeilic, den ithir.

4. Seo Boaz ag teacht ó Bheithil agus bheannaigh do na buanaithe: “Go raibh an Tiarna libh,” ar sé. D'fhreagair siadsan: “Go mbeannaí an Tiarna thú féin.”

5. Ansin dúirt Boaz leis an seirbhíseach a bhí aige i bhfeighil na meithle: “Cér díobh an cailín seo?”

6. D'fhreagair saoiste na meithle: “Sin í an cailín Móábach a tháinig ar ais le Náoimí ó thír Mhóáb,

7. agus dúirt sí: ‘Lig dom le do thoil na diasa a dhíolaim agus a bhailiú i measc na bpunann i ndiaidh na meithle.’ Tháinig sí más ea agus tá sí ar a cosa gan stad ó mhaidin go moch.”

8. Dúirt Boaz le Rút: “Éist liom anois, a iníon ó, agus tuig é seo uaim: ná téighse a dhíolaim in aon ghort eile. Ná fág an áit seo ach lean go dlúth mo mheithealsa.

9. Bíodh do shúil agat ar an gcuid sin den ghort a bhíonn á bhaint acu agus bí ina ndiaidh aniar. Tá ordú tugtha agam do mo sheirbhísigh gan cur isteach ort. Má bhíonn tart ort, buail síos chun na soithí agus ól deoch as ar tharraing na giollaí.”

10. Ansin shléacht Rút roimhe agus chrom go talamh, á rá: “Cad chuige duit a bheith chomh lách liom agus a leithéid de chúram a dhéanamh díom agus gan ionam ach strainséir?”

11. D'fhreagair Boaz: “Insíodh dom go hiomlán an uile ní dá ndearna tú ar son mháthair do chéile ón uair a fuair d'fhear bás; mar a d'fhág tú d'athair agus do mháthair agus do thír dhúchais i do dhiaidh agus gur tháinig tú go muintir nárbh aithnid duit roimhe seo.

12. Go gcúití an Tiarna do shaothar leat, agus go dtuga an Tiarna Dia Iosrael luach saothair iomlán duit ós rud é gur tháinig tú ag lorg dídine faoi scáth a sciathán.”

13. Ansin dúirt sí: “Nach lách atá tú liom, a mháistir, mar thug tú sólás dom agus labhair tú go séimh liomsa, do bhanseirbhíseach, dá shuaraí mé, agus gan mé ar chomhchéim le duine de do bhanseirbhísigh.”

14. Am dinnéir dúirt Boaz léi: “Tar agus ith smut den arán seo agus tum do ghreim san fhíon.” Shuigh Rút leis an meitheal, agus rinne Boaz [carnán] grán dóite di agus d'ith sí a sáith de agus bhí fuílleach aici.

15. Ansin d'éirigh sí arís chun díolama agus thug Boaz ordú dá ghiollaí: “Ligigí di díolaim i measc na bpunann féin agus ná cuirigí isteach uirthi.

16. Agus tarraingígí roinnt diasa as na punanna agus fágaigí ansiúd roimpi iad le bailiú agus ná bígí á ceartú.”

17. Rinne sí díolaim mar sin sa ghort go tráthnóna. Ansin rinne sí a cnuasach a bhualadh agus bhí timpeall éafá eorna ann.

18. Thug sí léi é agus d'imigh isteach sa chathair; thaispeáin sí a cnuasach do mháthair a céile. Leag sí os a comhair chomh maith an bia a bhí fágtha tar éis di féin a sáith a ithe agus thug di é.

19. Dúirt máthair a céile léi: “Cá raibh tú ag díolaim inniu? Cá raibh tú ag obair? Go raibh beannacht ar an té a thóg ceann duit!” Ansin d'inis Rút do mháthair a céile cé leis a ndearna sí an díolaim, agus dúirt: “Boaz is ainm don té a raibh mé ag obair leis inniu.”

20. Dúirt Náoimí le bean a mic: “Go raibh beannacht ón Tiarna ar an té nár theip a chineáltas ar an marbh ná ar an mbeo.” Agus lean Náoimí uirthi á rá léi: “Is gairid é gaol an duine sin linn; tá sé ar na daoine a bhfuil ceart fuascailte acu orainn.”

21. Labhair Rút an Móábach mná ansin: “Dúirt sé liom chomh maith,” ar sí, “ ‘lean ar shála mo mheithle go dtí go mbeidh m'fhómhar go léir bainte acu.’ ”

22. Agus dúirt Náoimí le Rút baintreach a mic: “Is fearr duit dul amach lena mheithealsan in áit dul go gort eile mar ar bhaol go gcuirfí isteach ort.”

23. D'fhan sí le meitheal Bhoaz dá bhrí sin ag díolaim go dtí go raibh an clabhsúr acu ar fhómhar na heorna agus na cruithneachta. Bhí sí ag cur fúithi le máthair a céile.