Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Rút 1:1-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Le linn na mBreithiúna a bheith i réim tharla gorta sa tír agus d'imigh fear áirithe as Beithil Iúdá a chónaí i dtír Mhóáb, é féin, a bhean agus a bheirt mhac.

2. Eilímeilic a bhí mar ainm ar an bhfear, Náoimí ar a bhean agus Machlón agus Cilión ar a bheirt mhac. Eafrátaigh ab ea iad ó Bheithil Iúdá agus thángadar go tír Mhóáb agus chuireadar fúthu ann.

3. D'éag Eilímeilic, fear céile Náoimí agus fágadh ise agus a beirt mhac.

4. Phósadarsan mná Móábacha, a raibh Orpá ar dhuine acu agus Rút ar an mbean eile. Mhaireadar ansiúd ar feadh deich mbliana nó mar sin.

5. Ansin fuair Machlón agus Cilión bás, agus fágadh an bhean gan mac den bheirt, gan fear.

6. Chuir sí féin agus baintreacha a mac faoi réir ansin le filleadh as tír Mhóáb óir d'airigh sí i dtír Mhóáb gur tháinig an Tiarna i gcabhair ar a mhuintir agus gur thug bia dóibh.

7. Ansin d'imigh sí féin agus a beirt bhan mic ón áit ina raibh cónaí orthu, agus chuir siad chun bóthair ar ais go tír Iúdá.

8. Dúirt Náoimí lena beirt bhan mic: “Ar ais libh, gach duine agaibh, go teach a mháthar. Go raibh an Tiarna lách dílis libh faoi mar a bhí sibhse leis an muintir atá sa chré, agus liomsa.

9. Go ndeonaí an Tiarna go bhfaighfidh sibh baile, gach duine agaibh beirt, le céile fir ina theach.” Agus phóg sí iad, ach chromadarsan ar ghol go fuíoch.

10. “Fillfimid leat,” ar siad, “fillfimid sin, go dtí do mhuintirse.”

Léigh chaibidil críochnaithe Rút 1