Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Obaidiá 1:11-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. An lá a sheas tú i leataobhan lá a rug strainséirí a mhaoin leo,agus a ghabh coigríochaigh a gheataí isteach,agus a chuir siad Iarúsailéim ar chrainn,ba gheall le duine díobh thú.

12. Ach b'olc an mhaise duit gur gheal leatcás do bhráthar lá a mhí-áidh;go ndearna tú lúcháir faoi mhuintir Iúdá,lá a mífhortúin,agus maíomh lá na duainéise.

13. B'olc an mhaise duit go ndeachaigh tú geata mo phobail isteach,lá a mhillte,gur gheal leat a thubaiste,lá a mhillte,agus go ndearna tú creach ar a mhaoin,lá a mhillte.

14. B'olc an mhaise duit gur sheas tú ag gabhal an bhóthairlena theifigh a theanntú;gur thug tú fuíoll an áir ar láimh,lá a dhuainéise.”

15. Óir tá lá an Tiarna ar an tairseach ag na náisiúin go léir;mar a rinne tú leo, déanfar leat;fillfidh do bhearta ar do mhullach.

16. Faoi mar a d'ól tusa ar mo shliabh naofaólfaidh na náisiúin go léir mórthimpeall;ólfaidh siad agus beidh na cosa ag imeacht uathu,agus rachaidh siad ar ceal amhail is nach raibh siad riamh ann.

17. Ach ar Shliabh Shíón, fágfar fuíoll a thiocfaidh slán,agus beidh siad naofa;agus gheobhaidh teach Iacóib seilbh ar a shealúchas féin.

18. Beidh teach Iacóib ina thine,agus teach Iósaef ina lasair;agus teach Éasau ina choinleach.Cuirfear trí thine iad, agus loiscfear iad,agus ní fhágfar duine de theach Éasau beo.Tá an Tiarna tar éis labhairt.”

19. “Beidh seilbh ag lucht an Neigib ar Shliabh Éasau, agus ag lucht na nÍsleán ar thír na bhFilistíneach; beidh seilbh acu ar thír Eafráim, agus ar thír na Samáire, agus beidh seilbh ag Biniáimin ar Ghileád,

20. Deoraithe an airm seo, clann Iosrael, beidh seilbh acu ar Fhéinícia, chomh fada le Zárafat. Na deoraithe ó Iarúsailéim, atá in Safárat, beidh seilbh acu ar bhailte an Neigib.

21. Rachaidh lucht ceannais suas go Sliabh Shíón, le Sliabh Éasau a rialú, agus beidh an Tiarna i réim.”

Léigh chaibidil críochnaithe Obaidiá 1