Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Obaidiá 1:1-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Fís Obaidiá.Mar seo a deir an Tiarna faoi Eadóm;tá scéal faoi cloiste againn ón Tiarna,agus tá teachtaire seolta i measc na náisiún.“Suas linn! Ar aghaidh chun catha linn ina choinne!”

2. “Déanfaidh mé beag thú, féach, i measc na náisiún;beidh tarcaisne ort ag daoine.

3. Chuir uaill do chroí ar seachrán thú,thusa a chónaíonn i scailp na carraige,a bhfuil [na hardáin] mar áit lonnaithe agat,a deir i do chroí:‘Cé a thabharfaidh síos chun talún mé?’

4. Cé go n‑éireofá san aer mar iolar,agus do nead a dhéanamh i measc na réaltaí,theilgfinnse síos as sin thú,”a deir an Tiarna.

5. “Dá dtiocfadh robálaithe chugatnó sladairí san oíche -cad é mar scrios a dhéanfaidís ort! -nár leor mar shlad acu a ndóthain féin?Dá dtiocfadh lucht bainte caor,nach bhfágfaidís caora díolama?

6. Cad é mar a creachadh Éasau!rinneadh slad ar a sheoda.

7. Mheall do chomhghuaillithe go léir thú!thiomáin siad go himill do chríoch thú.Fuair do pháirtithe an lámh in uachtar ort;chuir do chairde as a raibh do mhuinín gaiste romhat.- ‘Níl aon eagna fágtha aige.’

8. Nach scriosfaidh mé, a deir an Tiarna,na saoithe as Eadóm an lá sin?agus an eagna as Sliabh Éasau.

9. Beidh uafás ar do churaidh, a Théamán,i dtreo go ndíothófar gach duine ó Shliabh Éasau.”

10. “Beidh brat náire ort faoin bhforéigeana rinneadh ar do bhráthair Iósaef,agus rachaidh tú ar ceal go brách.

11. An lá a sheas tú i leataobhan lá a rug strainséirí a mhaoin leo,agus a ghabh coigríochaigh a gheataí isteach,agus a chuir siad Iarúsailéim ar chrainn,ba gheall le duine díobh thú.

12. Ach b'olc an mhaise duit gur gheal leatcás do bhráthar lá a mhí-áidh;go ndearna tú lúcháir faoi mhuintir Iúdá,lá a mífhortúin,agus maíomh lá na duainéise.

13. B'olc an mhaise duit go ndeachaigh tú geata mo phobail isteach,lá a mhillte,gur gheal leat a thubaiste,lá a mhillte,agus go ndearna tú creach ar a mhaoin,lá a mhillte.

14. B'olc an mhaise duit gur sheas tú ag gabhal an bhóthairlena theifigh a theanntú;gur thug tú fuíoll an áir ar láimh,lá a dhuainéise.”

15. Óir tá lá an Tiarna ar an tairseach ag na náisiúin go léir;mar a rinne tú leo, déanfar leat;fillfidh do bhearta ar do mhullach.

Léigh chaibidil críochnaithe Obaidiá 1