Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Nihimiá 7:59-72 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

59. clann mhac Sheafaitiá, clann mhac Haitíl, clann mhac Phoiceirit-haz-Zabáím, clann mhac Amón.

60. Líon iomlán na dtíolacthach agus clann mhac dhaoir Sholaimh: trí chéad nócha a dó.

61. Tháinig an mhuintir seo leanas ó Théil Mealach, Téil Harsá, Carúb, Adón, Iméir - ach níorbh fhéidir dóibh a chruthú gur de bhunús Iosraelach a bhfiní ná a sinsir:

62. clann mhac Dhaláiá, clann mhac Thóibíá, clann mhac Nacódá - sé chéad daichead a dó.

63. Ar chlann na sagart: clann mhac Habaiá, clann mhac Hacóz, clann mhac Bhairzilí - fear a phós ceann d'iníonacha Bhairzilí an Gileádach agus a ghlac a ainm.

64. Rinne an mhuintir sin cuardach i gcláracha a gcraobh sinseartha, ach ní bhfuair siad lua orthu féin iontu i dtreo gur coimeádadh amach as an tsagartacht iad amhail is dá mba neamhghlan dóibh.

65. Dúirt an gobharnóir leo gan na bianna coisricthe a chaitheamh nó go bhfaighfí sagart a rachadh i gcomhairle leis na hÚirím agus na Tuimím.

66. Ba é líon an chomhthionóil go léir ná daichead dó míle trí chéad agus a seasca,

67. seachas a ndaoir agus a ndaoirseacha, seacht míle trí chéad tríocha a seacht díobh ar fad; bhí dhá chéad daichead a cúig cantairí idir fhir agus mhná acu freisin.

68. Bhí [seacht gcéad tríocha a sé chapall acu, agus dhá chéad daichead a cúig miúil,] 69 bceithre chéad tríocha a cúig camaill, sé mhíle seacht gcéad agus a fiche asal.

69. Thug cinn finí áirithe ofrálacha deonacha don tógáil. Thug a n gobharnóir míle drachma óir, leathchéad babhla, tríocha éide sagairt, agus cúig céad [míoná airgid] don chiste.

70. Agus thug cinn finí fiche míle drachma óir agus dhá mhíle míoná airgid don chiste tógála.

71. Sé an t‑iomlán a thug an chuid eile den phobal ná fiche míle drachma óir, dhá mhíle míoná agus seasca a seacht éide sagairt.

72. Chuir na sagairt, na Léivítigh, agus cuid den phobal fúthu in Iarúsailéim, agus gardaí na ngeataí, na cantairí, na tíolacthaigh agus na hIosraelaigh eile ina mbailte féin.

Léigh chaibidil críochnaithe Nihimiá 7