9. Lean mé orm dá bhrí sin: “Is olc an rud é seo atá ar siúl agaibh. Nár chóir daoibh siúl ar chosán eagla Dé agus fonóid na gciníocha, ár naimhde, a sheachaint?
10. Thugas-sa agus mo ghaolta agus mo sheirbhísigh iasacht airgid agus arbhair dóibh chomh maith. Ach maithimis na fiacha sin.
11. Tugaigí ar ais gan mhoill dóibh a dtailte agus a bhfíonghoirt, a luibhghoirt ológ agus a dtithe, agus maithigí [na fiacha] ar an airgead, ar an arbhar, ar an bhfíon agus ar an ola a thug sibh ar iasacht dóibh.”
12. “Déanfaimid cúiteamh,” d'fhreagair siad, “ní éileoimid a thuilleadh orthu; déanfaimid rud ort.” Chuir mé fios ar na sagairt agus thug mé faoi deara dóibh mionn a thabhairt go ndéanfaidís beart de réir a mbriathar.
13. Ansin chroith mé amach urlach m'fhallainge á rá: “Go ndéana Dia amhlaidh sin agus go gcroithe sé amach as a theach agus as a shealúchas, aon duine nach gcoimeádann an gheallúint seo; go gcroitear amach mar sin é agus go bhfagtar follamh é!” Agus d'fhreagair an comhthionól go léir “Amen” agus mhol siad an Tiarna. Choimeád an pobal an gheallúint sin.
14. Agus thairis sin, ón lá a ceapadh mé mar ghobharnóir orthu i dtír Iúdá, ón bhfichiú bliain de réimeas Artaxarxaes go dtí an dara bliain déag ar fhichid, níor chaith mé féin ná mo ghaolta arán an ghobharnóra.
15. Ach na gobharnóirí a ghabh romham, ba ualach iad ar an bpobal; dhéanaidís daichead seicil airgid a thobhach [mar bheatha lae], agus bíodh leatrom á dhéanamh ag a seirbhísigh ar an bpobal chomh maith. Ach ní dhearna mise a leithéid, mar go raibh eagla Dé orm.