Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Nihimiá 4:5-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Agus deireadh ár naimhde: “Tiocfaimid aniar aduaidh orthu gan fhios gan radharc acu, ansin déanfaimid iad a threascairt agus deireadh a chur leis an ngnó seo.”

6. Thug Giúdaigh a bhí ag cur fúthu ina gcóngar rabhadh dúinn deich n‑uaire ina dtaobh, á rá: “Tá siad chugainn as gach ball ina bhfuil cónaí orthu.”

7. [Chuamar] inár láithreacha catha dá bhrí sin thíos ar chúl an bhalla mar a raibh fairsinge; d'eagraigh mé na daoine de réir fine, agus claimhte sleánna agus boghanna acu.

8. Thug mé faoi deara [an eagla a bhí orthu] agus d'éirigh mé i mo sheasamh agus dúirt mé leis na huachtaráin, na maoir, agus leis an bpobal eile go léir: “Ná bíodh eagla oraibh rompu! Cuimhnigí ar an Tiarna, mar is mór é agus is díol urraime é; troidigí ar son bhur ngaolta, bhur gclann mhac agus iníonacha ar son bhur mban agus bhur mbaile.”

9. Nuair a fuair ár naimhde amach go raibh rabhadh faighte againn, agus gur chuir Dia a bplean amú, [d'imíodar leo] agus chuamar go léir ar ais, gach duine i mbun a shaothair ar an mballa.

10. Ón lá sin amach ní bhíodh ach leath mo chuid fear ag tógáil; bhíodh an chuid eile ina seasamh, agus sleánna sciatha boghanna agus lúireacha acu, ar chúl teaghlach Iúdá,

11. a bhí ag tógáil an bhalla. Bhíodh [airm ag] an lucht iompair chomh maith, i dtreo go ndéanadh gach duine díobh a ghnó lena leathláimh agus a arm ina leathláimh eile.

12. Agus gach saor i mbun tógála bhíodh a chlaíomh ina chrios aige. Bhíodh fear an stoic le m'ais.

13. Dúirt mé leis na huachtaráin, leis na feidhmeannaigh agus leis an gcuid eile den phobal: “Tá an obair mór agus í leata go fairsing agus táimid scartha i bhfad óna chéile ar na ballaí.

14. Cibé áit ina gcloisfidh sibh an stoc á shéideadh, cruinnigí inár dtimpeall, agus troidfidh ár nDia thar ár gceann.”

15. Chuamar ar aghaidh leis an obair mar sin (agus airm i lámha leath na bhfear) ó bhreacadh an lae go glioscarnach na réaltaí.

16. Ansin dúirt mé leis an bpobal: “Caitheadh gach fear agus a sheirbhíseach an oíche in Iarúsailéim agus ar an tslí sin beidh siad ag faire dúinn san oíche agus ag obair sa lá.”

Léigh chaibidil críochnaithe Nihimiá 4