Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Nihimiá 2:7-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Dúirt mé leis chomh maith: “Mura miste le do mhórgacht é, tugtar litreacha dom le haghaidh gobharnóirí an chúige thar Eofrataes, á rá leo ligean dom dul slán trína gcríocha go dtí Iúdá;

8. agus litir eile le haghaidh Ásáf, coimeádaí na bhforaoiseacha ríoga, á rá leis adhmad a thabhairt dom chun geataí a dhéanamh do dhúnfort an Teampaill agus le haghaidh ballaí na cathrach agus don teach a ndéanfainn féin cónaí ann.” Ghéill an rí do m'iarratas mar bhí lámh mhaith mo Dhé ag tacaíocht liom.

9. Tháinig mé ansin go dtí gobharnóirí an chúige thar Eofrataes agus thug mé litreacha an rí dóibh. Bhí oifigigh airm agus marcshlua ón rí i mo choimhdeacht.

10. Nuair a chuala Sanballat an Horónach agus Tóibíá an tAmónach daoir, an méid sin, tháinig an-mhíshásamh orthu toisc aon duine a theacht le beart a dhéanamh ar mhaithe le clann Iosrael.

11. Tháinig mé go Iarúsailéim dá bhrí sin agus d'fhan mé socair ann ar feadh trí lá.

12. Ansin d'éirigh mé san oíche, mé féin agus cúpla fear eile, agus gan é ráite agam le haon duine cad a bhuail Dia isteach i mo chroí a dhéanamh ar mhaithe le Iarúsailéim, agus gan agam d'ainmhithe ach an beithíoch a bhí do m'iompar.

13. Ghabhas Geata an Ghleanna amach dá bhrí sin agus thar Thobar an Dragúin go dtí Geata an Aoiligh. Rinne mé ballaí Iarúsailéim [agus na bearnaí iontu] a iniúchadh, agus, chomh maith, a geataí dóite.

14. Chuaigh mé ar aghaidh ansin go dtí Geata an Tobair agus go Linn an Rí, ach ní raibh bealach do mo bheithíoch iompair thairis sin.

15. Ansin san oíche ghabh mé an gleann suas agus mé ag iniúchadh an bhalla agus chas mé ar ais agus Geata an Ghleanna isteach arís, agus d'fhill mé mar sin.

16. Ní raibh a fhios ag na hoifigigh cár chuaigh mé ná cad a bhí ar siúl agam; ní raibh aon ní fós ráite agam leis na Giúdaigh ná na sagairt, ná na huaisle, ná na hoifigigh, ná le haon dream eile ar a mbeadh cúram na hoibre.

Léigh chaibidil críochnaithe Nihimiá 2